Ceolchoirm

An raibh tú riamh ag ceolchoirm?
Bhí mé ag ceolchoirm san O2 anuraidh.
Fuair mé an ticéad ó mo thuismitheoirí do mo bhreithlá.
Cé mhéad a bhí ar an ticéad?
Bhí an ticéad caoga euro sílim.
Cé a chuaigh ann in éineacht leat?
Chuaigh mo chara Orla in éineacht liom.
Cén grúpa a bhí ag seinm?
Bhí The Script ag seinm le grúpa áitiúil mar thacaíocht.
Conas a chuaigh sibh ann?
Chuamar ar an mbus go dtí an O2.
Ní raibh an turas ach timpeall daichead nóimead.
Bhí gach duine ar bis nuair a thainig an grúpa amach ar an stáitse.
Thosaíomar ag sceadaíl in ard ár ngutha.
An raibh sé go maith?
Bhí sé go hiontach.

No comments:

Post a Comment